Féile Fastnet 2026

Gach Samhradh, tagtar le chéile ag Féile Fastnet chun tacaíocht a thabhairt do thalainn úr an phobail scannáin. Ceiliúrtar ceird an lae inniu, agus cruthaítear spás spreagúil do healaíontóirí an chéad ghlúin eile. Léiríonn an nasc idir Clinch agus Lá na Gaeilge ar Oileán Chléire ár gcreidiúnt go bhfuil brí agus luach speisialta ag baint lenár dteanga dhúchais.

Cabhraíonn an Ghaeilge lenár féin-thuiscint. Léiríonn sí ár smaointeoireacht chruthaitheach i mbealach faoi leith. Inti a mhaireann spiorad agus anam na tíre. Trí thacaíocht na scéalaíochta as Gaeilge, fanaimid ceangailte go dlúth leis an spiorad speisialta sin.

Bhronn Méav Ni Mhaolchatha an duais don scannán is deise i nGaeilge do Chogar ar son Clinch ag an searmanas deiridh. Elaine Kennedy a scríobh agus a stiúraigh Cogar. Ba í Claire Cassidy a léirigh an scannán le Dingle Filmhouse Productions i gcomhar le Físín.

Comhghairdeachas ó chroí le hElaine agus leis na duaiseoirí go léir. Comhghairdeachas freisin le foireann Fastnet Film Festival uilig a chuir féile iontach i láthair i gceartlár Iarthar Chorcaigh arís i mbliana.

For expert advice,
contact us.

Get in touch